Úinéirí an Ghleanna

Ach ní hamháin daoine mór le rá a bhfuil scéal ar fiú insint acu. Is leis na daoine a chónaigh ann an ghné laochais d’aon chuntas de chuid Ghleann Locha. Nuair a tháinig ardú suntasach ar dhaonra na paróiste iargúlta ag tús an naoú haois déag, chuir sé brú ar an talamh nach raibh in úsáid. Thosaigh teaghlaigh ag amharc ar a gcoimíneachtaí sléibhe mar áiteacha cónaithe den chéad uair. Ba iad teaghlach McGinley an chéad teaghlach a lonnaigh go buan sa ghleann, áit a raibh an talamh sléibhe iontach fóirsteanach d’fheirmeoireacht caorach.

Tháinig muintir Heekin a raibh teaghlach mór de dháréag ann, ina ndiaidh. Chomh maith lena dtréad caorach, choinnigh siad tréad mór bó agus iad ag ramhrú muc fosta. Chuaigh mórán den teaghlach go Meiriceá agus chinn an teaghlach an gleann a fhágáil sa deireadh in 1919 agus tháinig siad amach le bheith níos cóngaraí do ‘shibhialtacht’.

D’fhan an gleann ar an mhargadh ar feadh dhá bhliain go dtí gur cheannaigh an t-eisimirceach a d’fhill ar ais, Dan Ward, agus a bhean chéile Rose é sa bhliain 1921. D’oibrigh Dan ar feadh deich mbliana sa Nua-Shéalainn sular tháinig sé ar ais chun an bhaile lena thaiscidh a phósadh in Ard an Ratha. Chuala Dan faoin ghleann a bheith ar díol agus cionn is go raibh sé cleachtaithe le feirmeoireacht ollmhór agus iargúlta, cheannaigh sé láithreach é. Is í sin an áit ar chónaí agus ar obair an lánúin ar feadh tríocha bliain agus iad ann leo féin go deachaigh muintir Kent (in 1926) agus Dylan Thomas (in 1935) ina gcuideachta.

Faoi dheireadh thiar agus iad ag dul anonn in aois, d’éirigh sé ró-dheacair do mhuintir Ward fanacht ina gcónaí istigh ansin agus cé go raibh suim léirithe ag Rockwell Kent an gleann a cheannacht in 1951, díoladh sa deireadh é le nianna Rose, na ceithre deartháireacha Heekin. Lean siad ar aghaidh leis an fheirmeoireacht chaorach ansin ach i ndiaidh bhais thobainn Mark in 1980, druideadh an teach a bhí fágtha agus sin an uair dheireanach a chodail duine ar bith ann.

Anois déantar an fheirmeoireacht sa ghleann ó chian agus ní thagann daoine ann ach ar thuras lae agus bheir grúpaí siúil cuairt ar an ghleann lena fheiceáil agus le pléisiúr a bhaint as suaimhneas agus an iargúltacht uathúil an ghleanna.