Dylan Thomas

An file ó na soilse geala saor in aisce,

Lean file óg, de chuid na Breataine Bige, a bhí fiche bliain d’aois, lorg Kent nuair a tháinig sé go Gleann Lach i samhradh 1935. Bhí an t-eagarthóir liteartha Geoffrey Grigson ina chuideachta agus é ag iarraidh an file a choinneáil ar shiúl ó ghealchathair boihéamach Londain. Is beag a thuig sé go raibh an file óg á thabhairt isteach aige go ceanncheathrú déantúsaíochta poitín Dhún na nGall. Nuair a d’imigh Grigson coicís ina dhiaidh sin, bheartaigh Dylan fanacht i nGleann Lach, ag obair leis a dara cnuasacht filíochta dar teideal Twenty-five poems a chríochnú.Bhí an dán iomráiteach And death shall have no dominion mar chuid den chnuasach sinCríochnaíonn ceann de na dánta a raibh sé ag obair air le linn dó a bheith sa ghleann leis na línte:

“That was the god of beginning in the intricate seawhirl, And my images roared and rose on heaven’s hill.”

Bhí an leabhar nótaí ina raibh sé ag obair air le linn dó a bheith i nGleann Lach ‘ar iarraidh’ ar feadh blianta ach fuarthas arís é in 2014 agus díoladh ar ceant é ar níos mó na £100,000. Tá sé á choinneáil anois i mBailiúchán Ollscoile Swansea.