Rockwell Kent

An t-ealaíontóir is cáiliúla agus indíolta

Bhí Rockwell Kent ar dhuine de na healaíontóirí is cáiliúla agus is indíolta i Meiriceá i rith na 1920í agus na 1930í. Roghnaíodh a eagrán maisithe de Moby Dick (1930) mar an leabhar Meiriceánach maisithe ab fhearr i riamh.

B’é an gnás oibre a bhí aige am a chaitheamh in áiteacha iargúlta ar fud an domhain, gnátháiteacha simplí bunúsachab fhearr leis. Nuair a bheadh sé chuirfeadh sé é féin ar maos i saol agus in obair muintir na háite. Leis an tuiscint mhéadaithe seo, léireodh sé iad agus a dtimpeallacht ar chanbhás. Ansin thabharfadh sé na píosaí ealaíona seo ar ais go Nua-Eabhrac lena ndíol.

Is ar cheann de na turais seo go dtí Deireadh an Talaimh mar a thug sé féin air, a thug go Gleann Lach é i mí na Bealtaine 1926. Bhí sé ar mhí na meala fada lena dara bean chéile Frances an samhradh sin. Bhí sé ag súil le spreagadh le healaíon iontach a chruthú trí radharc ollmhór an ghleanna os a chomhair lena aillte crochta agus an fharraige níos faide i gcéin agus é ansin. D’athraigh sé bóitheach isteach ina árasán agus cró eile in aice láimhe isteach ina stiúideo garbh. An samhradh sin d’éirigh leis spiorad a chuid comharsan sa ghleann agus iad ag cruinniú caorach, ag iascaireacht gliomach, ag tógáil cruach Dan Ward agus ag driogadh poitín mídhleathach a léiriú. Meastar anois go bhfuil na pictiúirí seo, chomh maith leis na tírdhreacha is iomráití a tarraingníodh do Dhún na nGall agus i measc na bpictiúirí is fearr a rinne sé.

Cúig bliana is fiche ina dhiaidh sin, rinne an t-ealaíontóir iarracht teacht ar ais go hÉirinn agus an gleann a cheannacht óna úinéir, Dan Ward. Ach ós rud é gur ghníomhaí sóisialach agus síochána dearbhaithe é, dhiúltaigh an Roinn Stáit a phas dó. Agus mar sin thosaigh conspóid dhlí fhada a chríochnaigh le breithiúnas na Cúirte Uachtaraí in 1958 agus inár éirigh leis i gcás iomráiteach, Ceart chun Taisteal. Lena phas tugtha ar ais dó, tháinig sé ar ais go Dún na nGall agus go Gleann Cholm Cille, a raibh an tóir aige air, do chuairt amháin eile. Agus é ann thug sé cuairt ar Ghleann Lach, ar Phort agus ansin chas sé le hAnnie McGinley i dTeileann. Níor chaill a phictiúr in ómós dá chailín aimsire Annie, cuid ar bith dá chumhacht nó draíocht beagnach céad bliain i ndiaidh á phéinteáil.